Ainm: | Maggie Nic Pháidín | |
Áit Chónaithe: | An Cheathrú Cheanainn |
Áit Dúchais: | Inis Bó Finne |
Catagóir: | An Pobal |
Fochatagóir: | Obair |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Bhí an obair céanna le déanamh sa bhaile aici ar an oileán. D’oibir Máiréad agus a máthair mar a bheadh fir ann. Bhí rómhair agus iomairí le déanamh acu. Bhí comharsana maith acu agus chuidíodh siad leo. Bhí feamnach le baint agus an talamh le leasú le sin. Bhí obair mhóna le déanamh acu fosta thuas Taobh an Leithid. Tógadh le sin í agus bhí sí breá cleachtaithe leis.
Bhí toirtíní le déanamh sa phán sa chrochadh ar an tine fhoscailte. Málaí plúr 8 gclocha a bhíodh acu agus bhí siopa ar an oileán le gach rud a bhí de dhith orthu. | 00:03:21 | |